Dé Sathairn 1 Nollaig 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 244


“Leagaim láimh ort, nó nach leagaim,
Má bhíonn tú i ndán domh, beidh tú agam.”

“Leagaim lámh ort, nó nach leagaim,
Má bhíonn tú i ndán dom, beidh tú agam.”

If I lay my hand on you or not,
If you to me are destined, I will have you.

Dé Céadaoin 28 Samhain 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 245


(Deirtear do’n té a rachas amach ar asdar fada) :-
“Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, a’s go sábhailidh Sé
               thú ar d’aimhleas!”
“Go gcúitighidh Dia do bheannacht!”

(Deirtear don té a rachaidh amach ar astar fada) :-
“Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus go sábhála Sé
               thú ar d’aimhleas!”
“Go gcúití Dia do bheannacht!”

(Said to a person who will go on a long journey) :-
“May God grant you luck, and may He save you from harm!”
“May God reward your blessing!”


Dé Céadaoin 21 Samhain 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 246


“Cliseadh mé go dearbhtha a’ dearcaint ar an tuile mhór ag éirghe suas orrainn gan comhartha tráighte.”

“Cliseadh mé go dearbh ag dearcadh ar an tuile mhór ag éirí suas orainn gan comhartha tráite.”

I was certainly startled watching the great flood rising on us without a sign of abating. 

Ráidhteachas an Fheadha - 247


“Tá cáil mhaith mhóineadh agam ’sa’ mbaile, farradh (besides) a bhfuil[i] amuigh d’á thriumughadh ar an bhfáslach[ii]

“Tá cáil mhaith mhóna agam sa bhaile, farradh a bhfuil amuigh á thriomú ar an bhfáslach”

I have a good quantity of turf at home, besides that which I have out drying on the ‘floor’ of the peat-bog


[i] Cé go bhfuil ‘bhfuil’ scríofa anseo, ‘bhfeil’ a bhí ann go coitianta i nGaeilge Dheisceart Ard Mhacha.
[ii] Úrú atá le feiceáil go minic i ‘Ráidhteachas an Fheadha’. Is fíor go raibh úrú agus séimhiú measctha le chéile i nGaeilge Fhearnmaigh, ó dheas ón Fheadha ach tá féidearthacht ann go raibh Seán Ó hAnnáin faoi thionchar Gaeilge Chonnachta i dtaca leis an ghné seo.

Ráidhteachas an Fheadha - 248


“Is tú Mac Ceallaigh na seaghaise d’fhág ceud maighdean dhaithte faoi ghruaim,
’S gur le h-intheacht do chéille bhéarfá Déirdre
Leat ó’n chaisleán le stuaim.”
-        Líní d’amhrán.

“Is tú Mac Ceallaigh na seaghaise [a] d’fhág céad maighdean dhaite faoi ghruaim,
[Agus] gur le h-intleacht do chéille thabharfá Deirdre
Leat ón chaisleán le stuaim.”
-        Líní d’amhrán.

“You are McKelly of the joy who left one hundred beautiful virgins in gloom,
And it is with the power of your intellect you will bring Deirdre
With you from the castle with ability.”

Dé Sathairn 17 Samhain 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 249



“An gcuala tú, nó an bhfaca tú,
An spealadóir nó an sneachta ’muigh,
Nachar bh’am dó é?”

“Ar chuala tú, nó an bhfaca tú,
An spealadóir nó an sneachta amuigh,
Nárbh am dó é?”

Did you hear, or did you see,
The wielder of the scythe or the snow outside,
Would it not be the time for it?  

Ráidhteachas an Fheadha 1.


“Bolgam do’n mheannán (.i. mionnán), agus a sháith do’n uan.”

“Bolgam don mheannán, agus a sháith don uan”

A mouthful for the kid, and his fill to the lamb