Dé Sathairn 14 Meán Fómhair 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 241

241 - “Ceathrar 'na rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt a' teanamh 'n eolais, agus lóibín (?) ar deireadh.” (.i. bó bhainne 'na rith.) - Sean-Tomhas
Ceathrar ina rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt ag déanamh an eolais, agus lóibín (?) ar deireadh.” (.i. bó bhainne 'na rith.) - Sean-Tomhas
Four running,
Four shaking,
Two leading the way, and 'running cows milk' at the end.” (i.e. Running cows milk.) - an Old-Riddle



Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 242

242 – “Madadh ruadh rangáin
’Na suidhe le cois an bhancáin,
Tá dhá sgiathán deug air,
Agus chan-fheil ach’ cos amháin. (.i. an raithneach.)”
-          Sean Tomhas.
Madadh rua rungáin[i]
’Na suí le cois an bhancáin,
Tá dhá sciathán déag air,
Agus níl ach cos amháin. (.i. an raithneach.)
-          Sean Tomhas
A fox (lit. a red dog) of the river bank
Sitting beside the bank,
It has twelve arms,
And it has only one leg. (i.e a fern)
-          An old riddle



[i]  FGB < runga

Dé Sathairn 15 Meitheamh 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 243

243 – “Tobar fíor-uisge i lár a’ bhaile,
Ceithre glais órdha,
Agus comhrá dhruidte.” (.i. úithche bó – úth bó.)
-          Sean Tomhas

“Tobar fíor-uisce i lár an bhaile,
Ceithre glais órga,
Agus comhrá dhruidte.” (.i. úth bó.)
-          Sean Tomhas

“A source of fresh water in the centre of the home,
Four golden streams,
And a closed conversation.” (A cow’s udder / elder)

-          An old riddle