Dé Sathairn 5 Márta 2016

Ráidhteachas an Fheadha - 238


238 – “’Bhfuil sgeul aistidheach coimhightheach agat?
“Chan fhuil coimhightheach ar bith liom.”
“Goidé mar tá ’n fáth leat fhéin?”
“I have nothing usual. How are things with yourself?”

 
“’An bhfuil scéal aisteach coimhthíoch agat?
“Níl coimhthíoch ar bith liom.”
“Cad é mar atá an fáth leat féin?”

 
Anything strange? / Have you any unusual news?
Nothing strange / There is no strange news with me.
How are things with yourself?

1 Léireodh an litriú 'aistíoch' fuaimniú na canúna níos fearr is dócha.

Dé Domhnaigh 24 Bealtaine 2015

Ráidhteachas an Fheadha - 239

239 - “'Nois, a mhic, bain amach leat go gasda.”
“Bhain sé amach, brághad a chinn.”
“He made of as hard as he could”
“Anois, a mhic, bain amach leat go gasta.”
“Bhain sé amach, bráid a chinn.”
Now son, go you on out quickly.
He made of as fast as he could.

Dé Domhnaigh 9 Samhain 2014

Ráidhteachas an Fheadha - 240

240 “Falc na Beultaine agus tart Lughnasa” - 'sé an aimsear le h-aghaidh an ghóirt (falc – flood.) (le h-aghaidh an ghóirt [i. An ghuirt] – for the tillage).
“Folc na Bealtaine agus tart Lúnasa” - is é an aimsir le haghaidh an ghoirt
“The May flood and an August drought” - that is the weather for the tillage (lit. field). -

Dé Sathairn 14 Meán Fómhair 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 241

241 - “Ceathrar 'na rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt a' teanamh 'n eolais, agus lóibín (?) ar deireadh.” (.i. bó bhainne 'na rith.) - Sean-Tomhas
“Ceathrar ina rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt ag déanamh an eolais, agus lóibín (?) ar deireadh.” (.i. bó bhainne 'na rith.) - Sean-Tomhas
“Four running,
Four shaking,
Two leading the way, and 'running cows milk' at the end.” (i.e. Running cows milk.) - an Old-Riddle



Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 242

242 – “Madadh ruadh rangáin
’Na suidhe le cois an bhancáin,
Tá dhá sgiathán deug air,
Agus chan-fheil ach’ cos amháin. (.i. an raithneach.)”
-          Sean Tomhas.
Madadh rua rungáin[i]
’Na suí le cois an bhancáin,
Tá dhá sciathán déag air,
Agus níl ach cos amháin. (.i. an raithneach.)
-          Sean Tomhas
A fox (lit. a red dog) of the river bank
Sitting beside the bank,
It has twelve arms,
And it has only one leg. (i.e a fern)
-          An old riddle



[i]  FGB < runga

Dé Sathairn 15 Meitheamh 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 243

243 – “Tobar fíor-uisge i lár a’ bhaile,
Ceithre glais órdha,
Agus comhrá dhruidte.” (.i. úithche bó – úth bó.)
-          Sean Tomhas

“Tobar fíor-uisce i lár an bhaile,
Ceithre glais órga,
Agus comhrá dhruidte.” (.i. úth bó.)
-          Sean Tomhas

“A source of fresh water in the centre of the home,
Four golden streams,
And a closed conversation.” (A cow’s udder / elder)

-          An old riddle

Dé Sathairn 1 Nollaig 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 244


“Leagaim láimh ort, nó nach leagaim,
Má bhíonn tú i ndán domh, beidh tú agam.”

“Leagaim lámh ort, nó nach leagaim,
Má bhíonn tú i ndán dom, beidh tú agam.”

If I lay my hand on you or not,
If you to me are destined, I will have you.