Dé Domhnaigh 24 Bealtaine 2015

Ráidhteachas an Fheadha - 239

239 - “'Nois, a mhic, bain amach leat go gasda.”
“Bhain sé amach, brághad a chinn.”
“He made of as hard as he could”
“Anois, a mhic, bain amach leat go gasta.”
“Bhain sé amach, bráid a chinn.”
Now son, go you on out quickly.
He made of as fast as he could.

Dé Domhnaigh 9 Samhain 2014

Ráidhteachas an Fheadha - 240

240 “Falc na Beultaine agus tart Lughnasa” - 'sé an aimsear le h-aghaidh an ghóirt (falc – flood.) (le h-aghaidh an ghóirt [i. An ghuirt] – for the tillage).
“Folc na Bealtaine agus tart Lúnasa” - is é an aimsir le haghaidh an ghoirt
“The May flood and an August drought” - that is the weather for the tillage (lit. field). -

Dé Sathairn 14 Meán Fómhair 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 241

241 - “Ceathrar 'na rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt a' teanamh 'n eolais, agus lóibín (?) ar deireadh.” (.i. bó bhainne 'na rith.) - Sean-Tomhas
“Ceathrar ina rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt ag déanamh an eolais, agus lóibín (?) ar deireadh.” (.i. bó bhainne 'na rith.) - Sean-Tomhas
“Four running,
Four shaking,
Two leading the way, and 'running cows milk' at the end.” (i.e. Running cows milk.) - an Old-Riddle



Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 242

242 – “Madadh ruadh rangáin
’Na suidhe le cois an bhancáin,
Tá dhá sgiathán deug air,
Agus chan-fheil ach’ cos amháin. (.i. an raithneach.)”
-          Sean Tomhas.
Madadh rua rungáin[i]
’Na suí le cois an bhancáin,
Tá dhá sciathán déag air,
Agus níl ach cos amháin. (.i. an raithneach.)
-          Sean Tomhas
A fox (lit. a red dog) of the river bank
Sitting beside the bank,
It has twelve arms,
And it has only one leg. (i.e a fern)
-          An old riddle



[i]  FGB < runga

Dé Sathairn 15 Meitheamh 2013

Ráidhteachas an Fheadha - 243

243 – “Tobar fíor-uisge i lár a’ bhaile,
Ceithre glais órdha,
Agus comhrá dhruidte.” (.i. úithche bó – úth bó.)
-          Sean Tomhas

“Tobar fíor-uisce i lár an bhaile,
Ceithre glais órga,
Agus comhrá dhruidte.” (.i. úth bó.)
-          Sean Tomhas

“A source of fresh water in the centre of the home,
Four golden streams,
And a closed conversation.” (A cow’s udder / elder)

-          An old riddle

Dé Sathairn 1 Nollaig 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 244


“Leagaim láimh ort, nó nach leagaim,
Má bhíonn tú i ndán domh, beidh tú agam.”

“Leagaim lámh ort, nó nach leagaim,
Má bhíonn tú i ndán dom, beidh tú agam.”

If I lay my hand on you or not,
If you to me are destined, I will have you.

Dé Céadaoin 28 Samhain 2012

Ráidhteachas an Fheadha - 245


(Deirtear do’n té a rachas amach ar asdar fada) :-
“Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, a’s go sábhailidh Sé
               thú ar d’aimhleas!”
“Go gcúitighidh Dia do bheannacht!”

(Deirtear don té a rachaidh amach ar astar fada) :-
“Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus go sábhála Sé
               thú ar d’aimhleas!”
“Go gcúití Dia do bheannacht!”

(Said to a person who will go on a long journey) :-
“May God grant you luck, and may He save you from harm!”
“May God reward your blessing!”